January 11th, 2011: Ó Thiobraid Árann go Notre Dame – Go Irish
Ar an 10ú lá de mhí Lúnasa anuraidh, d’fhág mé slán le mo theaghlach agus le mo líonra iontach cairde agus thug mé faoin dúshlán ba mhó ar thug mé faoi riamh go dtí sin: bhog mé go Meiriceá.
Níorbh ionann tírdhreach Indiana agus tírdhreach na hÉireann; níorbh ionann blas cainte na ndaoine áitiúla agus blas na nÉireannach; níorbh ionann an aimsir agus aimsir na hÉireann, ach in ainneoin na nithe seo ar fad, chonacthas dom láithreach nach raibh mé i bhfad ón mbaile in aon chor.
Nach raibh mé i mbaile na Fighting Irish ag deireadh an lae? A lucht leanúna ag siúl thart i léinte glasa le “Go Irish” scríofa orthu agus staid mhór mhillteach ann cosúil le Páirc an Chrócaigh ach í i lár champas Notre Dame.
Ba dheacair dom cultúr pheil Notre Dame a thuiscint ag an tús go dtí gur chuir mé méid agus tábhacht na gcluichí i gcomparáid leis na cluichí iománaíochta agus peile sa bhaile a fhágann faoi dhraíocht go minic mé.
Ba bheag nár briseadh mo chroí nuair a chuala mé nach mbeadh teacht agam i gceantar Notre Dame ar cheann de na hócáidí spóirt is mó tábhacht i bhféilire spóirt na hÉireann – cluiche ceannais na hiománaíochta.
Bean ó Thiobraid Árann gan a bheith in ann féachaint ar dhara hiarracht Thiobraid Árann chun na cait a chur faoi chois – bhí réiteach na faidhbe seo ag teastáil gan mhoill agus gan mhoill a tháinig sé nuair a fuair mé amach faoi theach tábhairne, Fadó, i lár chathair Chicago. Bhí sé ar nós a bheith i mo shuí in Ardán Uí Chíosóig ach amháin gur muintir Chill Chainnigh a bhí timpeall orm den chuid is mó agus é gan a bheith ach a naoi a chlog ar maidin.
Bhí mo chroí i mo bhéal. Gliondar, bród agus teannas in aon sruth amháin. An dtiocfadh an deireadh go deo? Shéid an réiteoir an fheadóg. Bhí an beart déanta againn. Ní fhéadfainn é a shamhlú. B’iontach an lá dom a bheith beo agus ba mhilse mo ghloine Guinness an tráthnóna sin ná riamh roimhe. Chabhraigh an ócáid sin liom socrú síos san áit ach ní raibh mórán cabhrach ag teastáil dáiríre agus an áit chomh hÉireannach sin cheana féin.
Cloisim an méid sin Gaeilge agus mé ag obair gach lá go gcaithfidh mé a chur i gcuimhne dom féin uaireanta gur i lár-iarthar Mheiriceá atá mé agus ní i nGaeltacht na hÉireann.
Áit den scoth is ea Notre Dame ó thaobh theanga na Gaeilge agus léann na hÉireann go ginearálta. Is mór an tsuim atá ag na mic léinn i dteanga na Gaeilge agus i gcultúr na hÉireann agus cuirtear rogha leathan cúrsaí ar fáil dóibh idir chúrsaí teanga agus chúrsaí litríochta.
Tá foireann iontach léachtóirí ag obair i Roinn na Gaeilge agus in Institiúid Léinn Keough-Naughton, foireann a raibh an t-ollamh mór le rá, Breandán Ó Buachalla, mar chuid di nuair a bhí sé fós linn. Bheadh sé an-bhródúil as an bhforbairt agus as an dul chun cinn leanúnach atá le feiscint i Notre Dame.
Is mór an moladh atá tuillte ag gach éinne atá ag saothrú chun freastal ar na Meiriceánaigh a dtéann a bhfréamhacha i bhfad siar go hOileán na Naomh agus na nOllamh. Is cinnte go raibh turais fhada dhúshlánacha le déanamh ag gaolta na ndaoine sin na blianta blianta ó shin agus b’fhéidir má chuirim mo chás féin i gcomparáid leo siúd, nach chomh fada sin a thuilleadh an turas go Tiobraid Árann i ndáiríre.